Ard Fheis

Gráinne Mhic Géidigh 221

Published: 1 March, 2008



Creideann Sinn Féin go láidir gur gá an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn, agus tá gach iarracht againn dírithe ar na spriocanna sin.

Tá imní mhór cruthaithe ag dearcadh diúltach Edwin Poots, Aire Cultúir an DUP i leith na Gaeilge, agus go háirithe an dóigh ar phléigh sé le hAcht na Gaeilge agus le Ciste Craoltóireachta na Gaeilge.

Tá dualgas polaitiúil ar an Uasal Poots, dualgas freastal ar riachtanais teanga na mílte cainteoir Gaeilge.

Creidim go domhain go bhfaighfidh muid Acht Gaeilge.

Níor chóir go mbeadh iontas ar dhuine ar bith sa seomra seo gur dhiúltaigh an tAire Poots de.

Bheadh sé go maith dá nglachfadh aontachtóirí agus airí Sasanacha go bhfuil na cearta céanna ag Gaeilgeoirí is atá ag gach duine eile a labhrann Béarla.

Ach ní ghlacann. Rinne Peter Hain sar-iarracht cinntiú nach mbeadh tagairt ar bith ar Acht Gaeilge sa Chomhaontú Naomh Andrew (Cill Rímhinn). Níor mhaith leis cur isteach ar na haontachtoírí.

Mar sin, caithfidh muid amharc ar an streachtailt chun cearta Gaeilgeoirí a fháil, caithfidh muid cuimhniú gur troid leanúnach é mar proiséas athraithe.

Tá sé de ceart againn Acht Gaeilge a fháil ach ní tharlóidh sé mura mbíonn na daoine sa halla seo innu sásta feachtasaíocht agus obair chun é a bhaint amach.

Tá a lán bainte amach againn le deich mbliana anuas. Thig linn a lán a fheiceáil san am le teacht.

Ach ní féidir linn dearmad a dhéanamh go bhfuil an ceist seo faoi chearta - go bhfuil cearta Gaeilgeoirí chomh tabhachtach le cearta saoránaigh uilig eile. Tá sé de ceart ag Gaeilgeoirí a saol a chaitheamh trí mheán na Gaeilge - ina gcuid gnó agus gnóthaí sóisialta.

Leanfaidh Sinn Féin de bheith ag cur brú ar an Aire a chuid freagrachtaí a chomhlíonadh.