Ard Fheis

Gaza-Caithfidh institiúidí na hEorpa gníomhú- de Brún MEP

Published: 29 February, 2008

Ag caint faoi na móltaí 25-31 dúirt Bairbre de Brún FPE

"Tá muintir Gaza á gcur faoi ollphionós ag Iosrael.

Maríodh níos mó na 30 Palaistíneach in ionsaithe marfacha le dá lá anuas.
Is olc agus lochtach ar fad iad gníomhartha Iosrael le roinnt míonna anuas I nGaza. Iarrann an moladh seo atá romhaibh deireadh láithreach a chur le himshuí dofhulaingthe seo Stráice Gaza agus leithlisiú brúidiúil a muintire. Níl réiteach ar bith eile ann a thabharfaidh faoiseamh d'fhulaingt mhuintir Gaza.

Is gá deireadh a chur leis an chosc ar shaoirse gluaiseachta mhuintir Gaza. Agus iad faoi phríosúnacht cheana mar gheall ar an fhorghabháil, tá Palaistínigh i gcruachás atá níos déine agus níos neamhairdiúla ná mar a bhí roimhe.

Arís eile léirimid, ar ndóigh, ár ndlúthpháirtíocht leis an Phalaistín agus le gach Palaistíneach. Is é gníomhú idirnáisiúnta an dóigh is fearr le brú a chur ar Iosrael chun meas bheith acu ar chearta daonna agus náisiúnta na bPalaistíneach.

Caithfidh institiúidí na hEorpa gníomhú; caithfear an fód a sheasamh in éadan rialtas Iosrael agus a rá os ard agus go soiléir nach nglacfar leis an imshuí mídhaonna atá ag plúchadh Stráice Gaza.
Caithfidh mid gníomhú. Caithfidh an tAE den Arteagal 2 den chomhaontú comhlachas idir Iosrael agus an chomhphobal Eorpach a chur i bhfeidhm. (Arteagal a dheireann gur gcuirfear an chomhaontú sin an ar fonraí ma sháraíonn rialtas Iosrael cearta daonna."